Address: Irish Seed Savers Association, Capparoe, Scarriff, Co. Clare, Ireland   Phone: +353 61 921866   Email: info@irishseedsavers.ie

Most Recent ISSA News

Ag obair leis ár plandaí dúchasach-Peadar de Búrca

Taobh an-tábhachtach don obair atá á dhéanamh againn anseo ná an obair a dhéanaimid leis na plandaí Gaelach nó dúchasach. I dtosach, cad is brí le planda dúchasach? I ndáiríre, níl freagra crinn ag baint leis, go háirithe nuair atá muid ag caint faoi na glasraí. Tá fhios ag gach éinne gur tháinig an práta ó Meiriceá theas, ach is féidir linn caint faoi prátaí Éireannach chomh maith, mar shampla an “Irish White” nó an “Skerry Champion”. Uaireanta, thagann sortanna éigin ó tír eile, ach toisc go raibh sé chomh úsáideach don talmhaíocht anseo, thógaimid é mar cheann Gaelach. Uaireanta eile, ba é (nó í) duine Éireannach a roghnaigh an cheann sin, a chur an ainm air, agus a mínigh cén sort planda a bhí acu, agus dá bhrí sin, is as Éire é.Mar a dúirt mé in san alt ‘Nuacht ón gáirdín’, tugann an roinn talmhaíocht tacaíocht dúinn chun an obair sin a dhéanamh. Gann dabht is léir go bhfuil sé riachtanach an bith-éagsúlacht (bio-diversity) a chosaint. Gan é sin, ní bheadh aon roghadh againn sa todhchaí; tá seans ann fiú go mbeadh na síolta go léir ag na comhluchtaí móra (is oth é a rá, ach ‘s iad na comhluchtaí cheimice atáimid ag caint faoi anseo, iad atá ag déanamh iarracht úinéireacht iomlán a fháil faoin margadh síolta). Chun todhchaí orgánach a bheith againn in aon chor, caithfimid an teachtaire sin a thuiscint.An bhlian seo, tá ceithre líne don cabáiste “Cabáiste bó” againn sa pháirc. In san cisneoir, tá thart ar fiche paicéid éagsúil don sort cabáiste sin againn. Phioceamar amach cúig cinn, iad go léir as Co. an Chláir agus Co. na Gaillimhe. Theip ar cheann amháin acu – ní raibh an giniúint sásúil go leor. Sin fáth amháin nár maith an rud é iad a choimeád ró-fhada in sna cisneoirí (tá a lán fáthanna eile!). Tá siad ag fás go maith agus tá cuid mór acu réidh anois – an ndóigh, ní bheimid ag ithe iad, ach ag súil go mairfidh siad ar feadh an Geimhreadh go dtí an bhlian seo chugainn. Nuair a bheidh na cinn is fearr roghnaithe againn (agus na ceann eile tógha amach), déanfaidh siad na bláthanna le chéile agus beidh siad meascaithe le chéile tar éis sin – Cabáiste bó ón Stór Síolta, ar ais arís do na dhaoine (agus na beithe!) in Éireann.Bhí fear an-shuimiúl anseo an tseachtain seo chaite darb ainm Barra Ó Murchú, an fear a chuaigh timpeall na h-Éireann sna h-ochtóidí agus a bhailigh na síolta ó feirmeoirí agus garraíodóirí. Ag an am sin, ní raibh aon saoráid sa tír seo chun na síolta a choimeád beo, agus mar sin sheol sé na paicéidí go dtí Ollscoil na Warwicke, áit ina raibh an “Wellesbourne Genebank”. Is as an Wellesbourne a fuaireamar formhar do na cabáistí, na cálaí, na tornapaí agus mar sin de, agus bhí sé an-cumhachtach domsa dul trí na cabáiste leis, cabáistí nach raibh ag fás in Éireann ar feadh beagnach tríocha bliain ach atá ag fás arís, buíochas le Dia, Barra agus an Stór Síolta. Gach bhlian, táimid ag fás cúpla cinn dos na sortanna a bhailigh sé, ach caithfimid bheith cúramach – ní féidir linn cabáiste a dhéanamh ag an am chéanna do cálaí nó cnapaí Bhrusséil…mar tá siad go léir sa ghrúpa Brassica oleraceae. Ach anois, táimid ag obair níos mó le feirmeoirí chun iad a fás dúinn – mar shampla, tá an cála “Marrowstem Fodder” ag fás ar feirm Harry agus Mona agus tá siúl againn go mbainfeadh siad úsáid as dos na h-ainmhithe ar feadh an geimhreadh agus tar éis sin, na cinn is fearr a fhágáil chun síol. Tá súil agam go leanfaimid ar aghaidh leis an obair seo sa todhchaí, agus ár plandaí dúchasach a chur ar ais i lár na gáirdíní agus na feirmeacha in Éireann arís.

Comments

No comments yet.

Leave a comment

Opening Times
Tues - Fri 9.30am - 4.30pm
Sat 12pm - 4.30pm
Closed Sun - Mon
Entrance to Organic Seed Gardens, Orchards and Woodlands is free to children & subscribers.

Irish Seed Savers CLG - Registered Charity Number 20045029, CHY 13989
Certified Organic Number IE-ORG-02 | Licence no. 5629 | Terms and Conditions | Privacy Statement | irishseedsavers.ie © 2018


This project is supported by the Department of Social Protection and Pobal through the Community Services Programme.

IEN Logo DAFM Logo DCCAE Logo Leader Logo Organic Logo CLDC Logo
IOFGA Logo DECLG Logo EU Logo NDP Logo POBAL Logo